Roinnt fadhbanna rochtana ar leith

 

Ní liosta iomlán é seo in aon chor. Baineann sé le nádúr gur féidir go n-imeoidh na fadhbanna seo as amharc ach go bhfillfidh siad ar chúis ar bith nó gan cúis dhealraitheach, rud a leagann béim eile fós ar an ngá mór atá le reachtaíocht chun rochtain ar an tuath a cheadú.

Má's eol duit fadhb rochtana ar bith nach bhfuil sa liosta seo cuir ar an eolas muid le do thoil. Mar an gcéanna, má's eol duit gur réitíodh ceann ar bith de na fadhbanna a liostaítear anseo cuir ar an eolas muid freisin, le do thoil.

 

Contae an Chláir

Leacht Uí Chonchubhair Sean-chosáin sa Bhuireann blocáilte ag feirmeoirí.

Cás eile le déanaí maidir le rochtain a bheith blocáilte sa mBuireann curtha in iúl dúinn ag turasóir Meiriceánach.

Each Inis úinéir talún áitiúil ag iarraidh sean-bhealach gar do Loch Dearg atá ann le fada a dhúnadh le fál.

 

 

Contae Chorcaí

 

An Gabhal Mór (Sugar Loaf) Tá bealach siúil a théann suas an taobh thoir den sliabh mórthaibhseach seo in Iarthar Chorcaí blocáilte ag an úinéir áitiúil talún. Bealach é seo a deineadh cur síos air i leabhair siúil chomh fada siar le 1978, agus i dtreoirleabhar Gearmánach Wanderwege in Irland i 1993. Níl tada déanta ag Comhairle Contae Chorcaí faoi ainneoin agóidí éagsúla.

Guagán Barra Tá fadhbanna rochtana i nGuagán Barra, ceann de na siúlóidí is fearr le daoine sa cheantar, cosán ard os cionn chomlocha álainn gar d'aillte arda. Deineadh cur síos ar an tsiúlóid seo le i dtreoirleabhair chomh fada siar leis na seachtóidí agus suas go dtí 1999. Ní raibh fadhbanna rochtana riamh anseo ach anois ta comharthaí naimhdeacha (NO HILL WALKERS, NO TRESPASSING etc), fálta láidre, sreang deilgní ar gheataí glasáilte agus a leithéid san áit . D'fhéadfadh sé a bheith contúirteach, i ndroch-aimsir mar shampla, iarracht a dhéanamh teacht anuas bealach eile timpeall na naillte ar an taobh thuaidh den ghleann.

Three Castles Head Tá an limistéar seo, a dtéann go leor daoine ag siúl ann, blocáilte anois ag comharthaí bagracha ag cur in iúl go bhfuil na fothracha ar an gceann tíre contúirteach. Seans go bhfuil sé seo fíor ach ba cheart go gcuirfí fógra á rá sin ar na foirgnimh fein. Dealraíonn sé gur leithscéal chun rochtain a chosc atá sa gcomhartha san áit ina bhfuil sé faoi láthair.

Seancheann Chionn tSáile Níl cead a thuilleadh ag cuairteoirí lae ná siúlóirí ócáideacha siúl anseo, áit a bhí mar "scámhóg" thraidisiúnta do mhórán daoine ó cheantar Chorcaí ó 1870 ar a laghad. Tá an leithinis trí chéile, limistéar ardscéimhe a mbíodh tarraingt an phobail uirthi le fada, blocáilte ag na húinéirí. D'eagraigh muintir na háite an-chuid léirsithe móra chun aird a tharraingt ar an éagóir ach ar deireadh thacaigh an tArd Chúirt le cás na n-úinéirí. Bheadh seasamh níos laige acu dá mbeadh siúlóid timpeall na leithinse áirithe ag Comhairle Chontae Chorcaí mar chuid dá phlean forbartha.

 

 

Contae na Gaillimhe

Ceann Léime. An Caorán Mór, beagán siar ó ghalf-chlub Chonamara

Ta limistéar mór timpeall Cheann Léime blocáilte le blianta fada le fálta agus comharthaí bagracha: PRIVATE PROPERTY TRESPASSERS WILL BE PROSECUTED ar gheata thar bhóthar a bhfuil cosúileacht bhóthar phoiblí air, chomh maith le comhartha DANGER BEWARE OF THE BULL ar chuaille an gheata. Ní fhacamar tarbh, ná beithíoch ar bith eile seachas cúpla caora, agus capall. Seo an t-aon bóthar a théann go deireadh na leithinse, timpeall 2km. Díreach os cionn an chladaigh tá comhartha eile NO ACCESS FOR PEDESTRIANS agus ansin go leor fálta deilgní ar éirigh leo faoi dheireadh stopadh a chur linn. Cosctar rochtain ar limistéar mór, agus ar radharcanna breátha de Cheann Léime agus a dhá theach solais. Bhíomar ábalta trá bhreá a fheiceáil taobh thall den bhfál deilgní. Tá tobar beannaithe ann freisin, Tobar Chaillín – de réir an scríbhneora Tim Robinson – maraon le leaba an naoimh, a dtugann na céadta de mhuintir Chonamara cuairt air ar an 13ú Samhain gach bliain, mar gurb é Naomh Caillín patún na n-iascairí. Meas tú cén bealach rochtana atá acu ar an áit?

 

Gleann Eidhneach, Conamara

Gleann álainn a cheadaíonn rochtain ar na Beanna Beola. Deir Tim Robinson go bhfuil sraith clocha ón Chré-Umhaois sa ghleann. Níor aimsíomar é.

Pháirceálamar ar an bpríomh-bhóthar agus rothaíomar suas an gleann mar go raibh cloiste againn gur siúlóirí ag blocáil an bhóthair agus geataí lena gcarranna faoi deara mí-shástacht an úinéara talún. Tá geata thar an bhóthar, ar chosúil gur bóthar poiblí é. Rothaíomar, ansin shiúlamar suas an gleann, bhuaileamar le roinnt daoine a bheannaigh dúinn. Nuair a d'fhilleamar ar an bpríomh-bhóthar arís bhí comhartha PRIVATE PROPERTY NO TRESPASSING – nach raibh ann agus muid ar an mbealach isteach – curtha in airde!

D'inis fear áitiúil dúinn arís gur cuma leis na húinéirí talún dáiríre faoi dhaoine ag dul isteach sa ngleann ach gur chuir droch-pháirceáil carranna as dóibh. Cén fáth mar sin nach gcuirfidís comhartha a mhíneodh sin in airde? Tá an fhadhb seo ag dul ar aghaidh le breis is deich mbliana.

 

Caisleán Bhun Abhann, gar do Chnoc an Dúin, thart ar 4km siar ó dheas ó Bhaile Conaola

Coscann comhartha PRIVATE NO ADMITTANCE rochtain. Dúradh linn nach dteastaíonn ón úinéir talún go mbeadh daoine ag dreapadh ar an gcaisleán mar go bhfuil bail contúirteach air, rud a thuigfeá. Ach cén fáth nach gcuirfí comhartha á chur in iúl in airde in áit an NO ADMITTANCE?

 

Rinn Mhaoile, Órán Mór

Tá cosán maith – Slí na Sláinte atá ann – chomh fada leis an bPointe ó chlub na mbád, agus na céadta daoine á úsáid an tráthnóna a rabhamar ann, ach i ndiaidh an Phointe tá sé clúdaithe le fiailí agus ansin tá sé blocáilte ag comhartha PRIVATE PROPERTY NO TRESPASSING ag balla chlub gailf Chuan na Gaillimhe. D'inis roinnt daoine ón áit dúinn go bhféadfaimis dul timpeall ar na carraigeacha dá mbeadh sé ina lag thrá ach dúirt freisin gur mór an trua nach raibh an cosán seo – ar Shlí na Sláinte é – tógtha i gceart ag na húdaráis, go bhféadfadh sé dul leis an gcósta chomh fada siar leis an Rinn Mhór agus le cathair na Gaillimh. Dúradh linn freisin go bhfuil Óstán an Country Club dúnta le blianta.

 

 

Contae Chiarraí

Gleann Inse Coinn Is ag bun an ghleanna seo ar Leithinis Bhéara a thosaíonn siúlóid sléibhe mhór-éilimh ar deineadh cur síos uirthi i dtreoirleabhar Gill and Macmillan chomh fada siar le 1978. Tá 'forbairt' déanta ag na húinéirí ar an gceantar seo agus ní háil leo daoine nach dteastaíonn uathu ach rochtain ar an limistéar sléibhe gan suim a léiriú san 'fhorbairt'.

Tharla eachtra anseo le mór-staraí agus scríbhneoir agus ghlac an Comhairle Contae maraon le Turasóireacht an Iar-dheiscirt leis gur eachtra tromchúiseach a bhí ann. Gheall siad go rachaidís i dteagmháil leis an úinéir, ach níl a thuilleadh cloiste againn uathu ó shin.

 

An Triúr Deirféar, Ceann Sibéal

Aillte áille farraige in iar-thuaisceart Chorca Dhuibhne a raibh cead rochtana ag an bpobal orthu i gcónaí go dtí le déanaí. Ach chuir feirmeoirí áitiúla comharthaí naimhdeacha dírithe ar shiúlóirí in airde sna bailte fearainn máguaird.

Mar thoradh ar na fógraí seo níl rochtain ag an bpobal a thuilleadh ar shiúlóid álainn atá inchurtha le haillte an Mhothair, ceann de na siúlóidí is mórthaibhsí san Eoraip b'fhéidir agus a raibh saor-chead siúil san áit le dhá scór bliain ar a laghad.

 

An Cosán Mór Ó Dheas Tá bac á chur ag úinéirí áitiúla talún ar iarracht atá á dhéanamh ag grúpa áitiúl turasóireachta 85km den sean-iarnród idir Luimneach agus Trá Lí a fhorbairt. Dealraíonn sé go bhfuil faitíos orthu roimh an gclampar a dhéanfadh siúlóirí.Tá tionscadail dá leithéid curtha i gcríoch i dtíortha eile gan fadhbanna.

 

Mullach an Aitinn Is cuid de cheann de na cosáin chiorclacha is breátha sa tír an tsiúlóid thar Mhullach an Aitinn, siúlóid ard-leibhéal a thugann radharcanna breátha thar Uíbh Ráthach agus níos faide fós. Go hiondúil luaitear í dtreoirleabhair siúil faoin cheantar. Ach dúirt feirmeoirí áitiúla le siúlóirí gan an bealach seo a shiúl agus dúradh le grúpa amháin ar a laghad casadh siar cé go mbeadh orthu dul ag siúl sa mbreacdhorchadas i gceantar sléibhe i Mí na Nollag. Tá imní ar lucht turasóireachta áitiúil ach iad neamhchumhachtach.

                                       

 

Contae Chill Dara

 

Ráth Chofaigh Tá rochtain ar Chaisleán Ráth Chofaigh, suíomh stairiúil tábhachtach agus séadchomhartha náisiúnta, cosctha agus tá comhartha Trespassers Will Be Prosecuted curtha in airde. Seirbheáladh eascairí ag bagairt gníomhaíochta Ard Cúirte agus bille d'ard-chostaisí ar chúigear bhall déag de ghrúpa stairiúil áitiúil mura dtarraingíonn siad siar éileamh gur ann do cheart rochtana poiblí ar an gcaisleán.

 

Contae Mhaigh Eo

Lann Chille, Cathair na Mart Bhí KIO i dteagmháil le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir le dúnadh rochtain ar an láthair mainistreach seo.

 

Trá Ogúil Cé go mbaineann an fhadhb seo go bunúsach le blocáil trá, gearrann sé bealach tábhachtach rochtana ar Mhaol Ria, ceann de na sléibhte is mórthaibhsí i gConnacht. Sa bhliain 1989 cuireadh fál go neamh-dlithiúil timpeall ar thrá gar do Chluain Cearbhán (Louisburgh), trá a mbaineann go leor daoine úsáid aisti. Tá an áit atá i gceist faoi bharr taoide agus mar sin is leis an Stát í, go teoiriciúil. Ainneoin go leor agóidí ní dhearna Comhairle Contae Mhuigheo rud ar bith éifeachtúil faoin bhfadhb. Thug KIO an cás go dtí an tOmbudsman a d'ordaigh go bhféachfadh Comhairle Contae Mhuigheo chuige go práinneach go n-athosclófaí an trá. Cé go bhfuil carrchlós neamhfhoirmiúil in aice na trá blocáilte anois ag an úinéir talún níl tada déanta go fóill ag an gcomhairle contae.

 

Contae Shligigh

Sléibhte Chaisle Geala. Raon sléibhe tarraingteach é seo a bhfuil radharcanna maithe uaidh ar Ghleann an Chairthe. Deineadh cur síos ar an mbealach seo i ndá threoirleabhar ar a laghad, ceann acu a foilsíodh chomh fada siar leis na seachtóidí. Faoi láthair tá comharthaí naimhdeacha ar an gcéad mullach. Bhí alt á scríobh ag déanamh cur síos ar an tsiúlóid don iris Walking World ach b'éigean é a fhágáil ar lár.

Benwiskin

Faoi dheireadh tá deireadh leis an gconspóid nimhneach a bhí ann le fada an lá, de réir státseirbhísigh a bhfuil blianta caite acu ag iarraidh teacht ar réiteach. D'inis Andrew McSharry – gur maith leis The Bull a thabhairt air féin – duine a bhí lárnach sa chonspóid, d'iriseoirí le déanaí go gcuireann sé fáilte anois roimh thurasóirí agus roimh shiúlóirí. Chabhraigh tógáil bhóthar nua rochtana – a thóg Coillte – isteach go dtí a theach le hathrú intinne McSharry. Is féidir le siúlóirí an bóthar nua seo, ar íoc an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as, a úsáid freisin chun an beann a dhreapadh nó chun teacht anuas. Ní hann do na comharthaí bagracha a thuilleadh agus is gearr go gcuirfear cuaillí eolais i dtaobh siúlóide nua lúbtha in airde.

Cúilín Mhór Cuireadh suas fál a bhlocálann rochtan ar thrá mhóréilimh agus ar limistéar duimhche.

 

Contae na hIarmhí

 

Coimpléasc meigiliteach ar an gcnoc gar don Seanchaisleán blocáilte. Chomh maith le bheith ina láthair réamhstairiúil thábhachtach is í an t-aon tsiúlóid cnoic sa cheantar. Tá an coimpléasc blocáilte agus ní bhfuarthas admháil ar litir chuig an Roinn Rialtais cuí go fóill.

 

 

Contae Chill Mhantáin

 

Gar don séipéal sa Láithreach ar an mbealach chun na mBrocaí téann an cosán, atá marcáilte go soiléir, i bhfoisceacht 30m do theach a bhfuil athchóiriú á dhéanamh air agus na húinéirí meáite ar chosc a chur le siúlóirí. Tá an fhadhb seo á phlé faoi láthair.

 

Tá comharthaí naimhdeacha ag tarraingt ar Chruachain Mhóire gar do Ghleann Má Luar. agus táimid ag coinneáil súl ar an scéal.

 

Blocáladh dhá rian a bhí in úsáid le fada agus, murach mhuintir na háite a bheith sásta an cás a thabhairt chun na hArd Cúirte, bheidís caillte go deo.

 

Gleann Crí Tá bealach siúil tábhachtach tríd an ngleann seo caillte don phobal ó d'éirigh le hachomharc a rinne forbróir réadmhaoine in aghaidh rialú sa Chúirt Chuarda a dhearbhaigh gur ceart slí a bhí ann.

Tá bealach eile níos tábhachtaí fós a phlé faoi láthair i gcath Ard Cúirte idir úinéir áitiúil talún saibhir agus Chumann Siúil áitiúil Áth na Sceire.

 


Listed below is a full list of existing Heritage Officers which we are led to believe will be increased to thirty six.

County Council Telephone No. Heritage Officers Address
Carlow (0503) 70300 Lorcan Scott County Buildings, Athy Road, Carlow
Clare (065) 6821616 Congella Maguire New Road, Ennis, Co. Clare.
Cork (021) 4276891 (County Hall) Sharon Casey C/o SWRA, Inismore, Ballincollig, Co.Cork
Galway (091) 509000 Marie Mannion Forward Planning Section, County Buildings, Prospect Hill, Galway.
Kerry (066) 7121111 Una Cosgrove Áras an Chontae, Tralee, Co. Kildare
Leitrim (078) 20005 Bernie Guest Governor House, Carrick - on - Shannon, Co. Leitrim.
Limerick (061) 318477 Tom O'Neill 79/84 O'Connell Street, Limerick.
Laois/Offaly (0506) 46800 Amanda Pedlow C/o Offaly County Council, Courthouse, Tullamore, Co. Offaly.
Roscommon (0903) 37100 Nollaig McKeown Courthouse, Roscommon.
Sligo (071) 56666 Siobhan Ryan County Development Centre, Cleveragh, Co. Sligo
Tipperary (NR) (067) 31771 Siobhan Geraghty Courthouse, Nenagh, Co. Tipperary.
Tipperary (SR) (052) 25399 Brendan Mc Sharry County Hall, Clonmel, Co. Tipperary.
Longford/Westmeath (044) 40861 Gerry Clabby C/o Westmeath Co Co, County Buildings, Mullingar, Co. Westmeath.
Wicklow (0404) 20100 Deirdre Burns County Offices, Wicklow.
City Council Telephone No. Heritage Officers Address
Dublin (01) 6722222 Donncha O Dulaing Civic Offices, Wood Quay, Dublin 8.
Galway (091) 536400 Jim Higgins Town Hall, College Road, Galway.

Má theastaíonn uait muid a chur ar an eolas maidir le fadhb ar bith i do cheantar cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag info@keepirelandopen.org

Cé Muidne | Ábhair Aighnis | Aidhmenna_kio | Conas Clárú mar Bhall | Nuachtlitir | Sean-Nuachtlitreacha | Litreacha | Roinnt Fadhbanna | Naisc | Fóto-Ghailearaí | Déan Teagmháil Linn