POLASAÍ KIO I LEITH ROCHTAIN AR AN TUATH

 

An Fhadhb

 

An bhfuil fadhb ann i ndáiríre maidir le rochtain ar an tuath? An gá go mbeadh cearta dlithiúla againn fad is gur féidir linn dul amach faoin tuath?

Is í an fhírinne go bhfuil pé cearta neamhfhoirmiúla a bhí againn rochtain ar ár dtuath féin á gcailliúint go tapa againn. Go dtí le déanai is beag fadhb a bhí ann maidir le rochtain ar an tuath, mar go raibh dearca réchúiseach go leor ann i leith ligean do dhaoine siúl thar thalamh príobháideach. Ach tá athrú tagtha ar an dearca seo le blianta beaga anuas. Is ábhar buartha é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcásanna ina gcuireann comharthaí agus fálta naimhdeacha cosc ar dhaoine atá ag iarraidh siúl thar talamh príobháideach, na fálta go minic in áiteanna inar deineadh coimíneachtaí a roinnt. Tá go leor áiteanna a bhí oscailte do shiúlóirí agus do dhreamanna eile de lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire leis na glúnta á ndúnadh anois: ó Sheancheann Chionn tSáile go codanna de na Beanna Beola i gConamara, codanna de na sléibhte ar leithinisí Uíbh RAthach, Chorca Dhuibhne agus Bhéara. Níl cead a thuilleadh ag seandálathaithe nó ag staraithe cuairt a thabhairt ar thuamaí meigiliteacha tábhachtacha áirithe nó ar láithreacha stairiúla agus séadchomharthaí eile. Ní féidir a bheith cinnte maidir le cead rochtana ar thránna fiú: tá Trá Ogúil, gar do Chathair na Mart, dúnta ón mbliain 1989 agus níl tada déanta ag an údarás áitiúil, Comhairle Contae Mhuigheo, chun é a ath-oscailt. Dhún úinéirí talún go leor codanna de na slite slímharcáilte fad-achair san iardheisceart ag amanna éagsúla san am atá thart.

Níl an fhadhb chomh soiléir i gCill Mhantáin ná in Oirthear na tíre i gcoitinne. Agus mar a tharlaíonn is iad seo na ceantair ina bhfuil an líon is mó siúlóirí agus ina bhféadfadh cúis dlisteanach gearáin a bheith ag úinéirí talún. Is ar bhord farraige an iarthair is mó atá na fadhbanna is righne, ceantar ina bhfuil an líon is lú siúlóirí. Is sa cheantar seo is mó a d'fhéadfaí siúl na gcnoc agus caithimh aimsire eile amuigh faoin aer a fhorbairt do thurasóirí.

Níl cearta ar bith ag lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire. Is ar thaobh na n-úinéirí talún ata na cearta dlithiúla go léir a bhaineann le rochtain. Is iad na Páirceanna Náisiúnta an t-aon áit ina bhfuil saoirse fánaíochta. Cé go gcuimsíonn siad cuid de na limistéir is áille níl iontu ach timpeall 1% den tír.

 

Réitigh ar an bhfadhb rochtana ar baineadh triall astu

Trialladh cur chuige go hiomlán deonach i leith fadhbanna rochtana le blianta fada anois. Is féidir le húinéir talún cead rochtana ar thalamh a tharraingt siar ag am ar bith gan fáth ar bith a thabhairt. Ciallaíonn sé seo gur féidir fiú bealaí siúil fadbhunaithe a théann thar thalamh príobháideach a dhúnadh am ar bith gan rabhadh a thabhairt.

 

Comhairle na Tuaithe

Sa bhliain 2004 bhunaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamonn Ó Cuív – a bhfuil páirt-fhreagracht ag a roinn (chomh maith leis an Roinn Comhshaoil) as fadhbanna rochtana a réiteach – Comhairle na tuaithe, ar a bhfuil ionadaithe ó na heagraíochtaí feirmeoireachta, lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire agus comhlachtaí stáit ar chás leo cúrsaí na tuaithe, chun díriú ar cheist rochtain ar an tuath. Tá teipthe glan ar ionadaithe eagraíochtaí na bhfeirmeoirí díriú ar na buncheisteanna, gan trácht ar iad a réiteach. Tá diúltaithe go seasta acu plé a dhéanamh ar an ngá atá le hathruithe reachtaíochta chun na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar an tuath a réiteach, ná ar liostáil ná ar bhunú cearta slí. Tá KIO mar ghuth aonair ag cruinnithe Chomhairle na Tuaithe ag iarraidh reachtaíocht a bhrú chun cinn, an triúr nó ceathrar ionadaithe ó na heagraíochtaí feirmeoireachta de shíor ag rialú ina n-aghaidh.

 

Ainneoin gur ann dó ó 2004 i leith, níl tada bainte amach ag Comhairle na Tuaithe maidir le réiteach a fháil ar fhadhbanna rochtana ar an tuath.

 

Is cosáin cheadaitheacha iad na slite slí-mharcáilte fad achair gur féidir le húinéirí talún a bhlocáil mar is mian leo – agus blocáiltear iad. Níl ach tuairim is 3,000km d'fhaid iontu, ní mórán é ar chaighdeán idirnáisiúnta. Agus ní théann ach timpeall 16% de na bealaí seo thar talamh príomháideach, is ar tharmac nó trí fhoraoiseacha buaircíneacha a théann cuid mhaith díobh.

 

De bharr easpa cearta rochtana ar an tuath is beag infrastructúr atá ann chun tacú le bealaí siúil, ar nós dhroichid coise, dreapaí, clárchosáin, cuaillí eolais agus eile a mbíonn súil ag gnáth-shiúlóirí i dtíortha eile leo. Ta ganntanas treoirleabhar siúil ann freisin, mar gur feidir le húinéirí talún a éileamh go mbainfear amach tagairtí d'aon bealach a thrasnaíonn a gcuid talún. Fiú cosáin atá creimthe, ní féidir iad a dheisiú gan comhaontú an úinéara talún.

 

De réir an Irish Examiner, 15ú Márta 2007, b'éigean pleananna chun dreapadh an tsléibhe is airde in Éirinn a dhéanamh níos sábháilte a chur siar mar gheall ar cheisteanna cearta slí ar ard a dtugtar Dréimire an Diabhail air. Cuireadh suim €100,000 ar fáil chun Corrán Tuathail a fhorbairt do dhreapadóirí agus fuarthas comhlacht Albanach le saineolas sléibhteoireachta chun obair shábháilteachta a dhéanamh ar an dreapadh.

Níor thángthas ar aontú leis na húinéirí talún áitiúla uile áfach, ag cur moill ar an tionscadal.

 

Scéim na Siúlbhealaí

I 2008 thionscain an Rialtas Scéim Siúlbhealaí. Cuireann sé seo airgead poiblí ar fáil d'fheirmeoirí chun cosáin a bhunú agus a chothabháil. Íoctar ó íosmhéid €725 go huasmhéid €1900 in aghaidh na bliana chuige seo. Ar an droch-uair ní bhunaíonn an scéim seo cearta rochtana poiblí ar bith. Is féidir le feirmeoirí tarraingt siar ón scéim ar fhógra sé mhí agus, ag deireadh cúig bliana, déanfar idirbheartú arís ar an scéim uile.

 

Go dtí seo tá roinnt siúlbhealaí ceadaitheacha bunaithe ar bhonn náisiúnta mar thoradh ar an scéim seo. Seans go gcuirfear ar ceal arís iad i gceann cúig bliana.

 

 

Turasóireacht Siúil

 

Le blianta beaga anuas tá méadú maith tagtha ar líon na dturasóirí siúil atá ag teacht go hÉirinn, ach is ó bhonn an-bheag é. Measaimid nach bhfuil san ioncaim ó thurasóireacht siúl ach an ceathrú cuid den ioncaim in Albain, tír atá cosúil ó thaobh méid, tír-raoin is aeráide de.

 

Beidh mearbhall ar shiúlóirí eachtrannacha, a bhfuil taithí acu ina dtír dhúchais ar limistéir fhairsinge siúil atá línithe go soiléir i dtír nach féidir leo a bheith cinnte cad iad na háiteanna inar féidir nó nach féidir leo siúl. Beidh díomá orthu freisin faoin nganntanas infrastructúir agus treoirleabhar. Agus má bhíonn, mar a tharlaíonn, teagmháil mí-thaitneamhach acu le huinéir colgach talún – agus is mó seans go dtarlóidh a leithéid dóibh siúd nach bhfuil taithí acu ar an gceantar áitiúil – cinnte go bhfanfaidh an chuimhne leo agus go n-inseoidh siad dá gcairde faoi.

 

Tríd is tríd, ní hé seo an bonn is fearr le tionscal rathúil a thógáil air, tionscal atá bunaithe sa tuath, atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus a chuireann le fad séasúr na turasóireachta.

 

 

Fáthanna a luann úinéirí talún chun rochtain a dhiúltú

 

Fadhbanna Árachais

Ó ritheadh an dlí atá againn faoi láthair maidir le dliteanas poiblí i 1995 tugadh roinnt cásanna ina raibh siúlóirí ag iarraidh an dlí a chur ar úinéir talún tar éis gortú a bhaint dóibh. I ngach aon cás chaill an té a thug an cás. I gcás amháin d'éirigh le cúis dlí a thug spaisteoir i gcoinne úinéara talún (nárbh fheirmeoir é) – ach gur buaileadh an bhreith ar achomharc. D'éirigh chomh maith le hAcht 1995 ó thaobh úinéireachta talún de nach bhfuil sa ghné sin d'árachas dliteanais phoiblí a chúmhdaíonn úsáideoirí fóillíochta in aghaidh ghortuithe ach cuid bídeach de bhillí árachais formhór úinéirí talún. Ach baineann na heagraíochtaí feirmeoireachta úsáid as ceist an árachais chun rochtain a dhiúltú ar an mbonn go bhféadfadh a mbaill a bheith faoi dhliteanas sa chás go mbainfeadh gortú do shiúlóirí ar a gcuid tailte. Tá sé sin míthreorach d'aon gnó. Cuimhnigh: is fada uainn 1995 anois agus idir an dá linn níor éirigh le fiú cás amháin dlí i gcoinne úinéara talún. Dealraíonn sé nach bhfuil a fhios ag mórán daoine – úinéirí talún ina measc – faoi seo.

 

Damáiste a dhéanann siúlóirí

Bíonn siúlóirí géilliúil don dlí go hiondúil agus go mór ar an eolas maidir le damáiste do réadmhaoin daoine eile agus ní móide go bhfágfaidh siad bruscar ina ndiaidh. I dteannta le ceart rochtana ar an tuath tagann freagrachtaí: ómós don tuath, dualgas gan dochar ná damáiste a dhéanamh don fhiadhúlra ná do bharra, ná cur isteach orthu, ná bruscar a chaitheamh. Coisceann soláthar dreapaí, geataí etc. damáiste do réadmhaoin úinéirí talún.

 

Is é mo chuid talún é ( agus tig liom mo rogha rud a dhéanamh leis)

Agus an dlí 100% ar a dtaobh acu dealraíonn sé go bhfuil seasamh thar a bheith ionsaitheach forbartha ag úinéirí talún Éireannacha i dtaobh siúlóirí ar a gcuid talún. Ach ní hann do dhearbh-chearta réadmhaoine faoinár mbunreacht. Tá KIO ag éileamh rochtana réasúnta agus freagraí ar an tuath.

 

Príobháideacht

Tá feirmeoirí agus úinéirí eile talún i dteideal príobháideachta. Thacaíomar i gcónaí leis an gcoincheap go dtreorófaí cosáin siúil amach ó thithe cónaithe príobháideacha. Níl bunús ar bith le mana na n-eagraíochtaí feirmeoireachta – Cé mar a thaitneodh sé leatsa dá mbeadh feirmeoirí ag siúl trí do gháirdín?

 

An Scéal i dtíortha eile

 

Tá cinál éigin rochtana forbartha dlithiúla ar an tuath ag formhór thíortha na hEorpa.

Maireann cearta fánaíochta (bunaithe ar ómós don tuath) sa riocht is fíre sa bhFionlainn, san Íoslainn, san Iorua agus sa tSualainn, a cheadaíonn siúl trí nó campáil ar thalamh dhuine eile. Cuimsíonn sé seo ceart iomlán rochtana ar thránna, ar úrthránna, ar dhumhcha agus ar aillte. I dteannta leis na cearta seo tagann freagrachtaí – dualgas gan dochar ná damáiste a dhéanamh don fhiadhúlra ná do bharra, ná cur isteach orthu, ná bruscar a chaitheamh.

 

An tSualainn

Is rud ar leith é an reachtaíocht i dtaobh ceart rochtana ar thalamh príobháideach sa tSualainn. Níl áit ar bith eile sa domhan inar féidir gluaiseacht timpeall faoin tuath chomh saoráideach.

Cumhdaithe i mbunreacht na Sualainne agus ar fáil do chách ambeadh fonn orthu, tugann an ceart rochtana poiblí (Allemansrätt sa tSualannais – cearta gach aon duine) ceart fánaíochta faoin tuath sa tSualainn go lán-suaimhneach gan baol go ndéarfadh éinne leat "Bailigh leat ó mo chuid talún", 'sé sin mura dtéann tú ag satailt trí churaíocht fheirmeora éigin.

 

'Saoirse fánaíochta', 'ceart rochtana poiblí', 'ceart fánaíochta'. Is iomaí bealach inar féidir an ceart seo a chur i bhfocail agus ciallaíonn sé go bunúsach go bhfuil an ceart agat siúl, rothaíocht, marcaíocht, sciáil nó campáil ar thalamh ar bith seachas gáirdíní príobháideacha, i ngar-chóngaracht tithe cónaithe nó ar thalamh saothraithe.

 

Gan amhras tugann an ceart seo freagracht leis aire a thabhairt don tuath agus gan an timpeallacht a scrios ná cur isteach uirthi.

 

(ó láithreán gréasáin oifigiúil taistil is turasóireachta na Sualainne    www.visitsweden.com   )                        

 

Albain

Tá traidisiún fada rochtana ar fhormhór na talún in Albain agus dhaingnigh an tAcht um Athchóiriú na Talún 2003 é seo. Tá ceart reachtúil rochtana freagraí ag siúlóirí ar thalamh uile na tíre (cosúil le Críoch Lochlainn) seachas gan amhras, tailte iarnód, aerpháirceanna, calafoirt, cairéil, curaíocht, gáirdíní, i ngar-chóngaracht tithe príobháideacha etc. Tugann An Cód Rochtana Allamuigh Albanach mion-treoir ar chleachtadh rochtana freagraí.

 

Sasana agus An Bhreatain Bheag

Tá os cionn 225,000km de bhealaí easbhóthair a áirítear mar Chearta Slí Poiblí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, chomh maith le hiliomad cosáin eile – cosáin marcaíochta, cosáin tarraingthe agus iarnróid as úsáid. Thug an tAcht um Thuath is Cearta Slí The Countryside and Rights of Way Act 2000 (CROW) ceart rochtana do shiúlóirí ar fhormhór na limistéar neamhshaothraithe, timpeall 1.4 milliún heicteár de thuath oscailte – sliabh, móinteán, fraochmhá, mínchnoc is coimín, chomh maith leis na Páirceanna Náisiúnta. Cuireadh go láidir in aghaidh Acht CROW roimh ré ach ó cuireadh i bhfeidhm é is ar éigean gur chualathas focal easaontais ina thaobh. Rud eile dhe, ritheadh an Bille Muirí is Rochtain Cósta (The Marine and Coastal Access Bill) i Samhain 2009 a bhunóidh bealach cósta timpeall an 4,345km de chósta Shasana chomh maith le buan-cheart rochtana. Táthar ag súil go dtógfaidh sé suas le deich mbliana an bealach cósta a chruthú agus go gcosnóidh sé thart ar £50 milliún. Nuair a bheas sé críochnaithe ceanglófar é le Bealach Cósta na Breataine Bige, a bhfuiltear ag súil a bheith críochnaithe faoi 2012.

 

An Iorua

Tá cead rochtana ar an tuath ag gach éinne san Iorua, ceart traidisiúnta ó thús ach atá anois leagtha síos sa reachtaíocht a rialaíonn ceart rochtana. Tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuil an ceart seo bunaithe ar ómós don tuath agus go gcaithfidh cuairteoirí cuimhneamh ar fheirmeoirí agus ar úinéirí talún, ar úsáideoirí eile agus ar an timpeallacht.

Go praiticiúil ciallaíonn an ceart rochtana:

  • gur féidir leat dul áit ar bith sa tuath oscailte (talamh gan fál) ag siúl nó ar scíonna agus picnic a chaitheamh áit ar bith is mian leat. Ciallaíonn tuath oscailte talamh neamhshaothraithe. San Iorua clúdaíonn an téarma an chuid is mó de chladaí, phortaigh, fhoraoisí agus shléibhte...
  • gur féidir leat puball a chur suas, nó codladh faoi na réalta don oíche áit ar bith faoin tuath, i bhforaoisí nó ar shléibhte seachas i bpáirceanna saothraithe nó ar leatoabhanna páirceála. Caithfidh tú fanacht ar a laghad 150 méadar ón teach nó bothán is cóngaraí, áfach. Má theastaíonn uait fanacht breis is dhá oíche san áit chéanna, caithfidh tú cead an úinéara talún a lorg, ach amháin sna sléibhte nó in áiteanna an-iargúlta...

 

ó threoraí oifigiúil taistil na hIorua, féach      www.visitnorway.com

 

An Ostair

 

44,000km de chosáin mharcáilte, ceart fánaíochta i limistéir fhoraoise agus i roinnt limistéir shléibhe. I limistéir eile tá an ceart ag úinéirí talún rochtain a dhiúltú, ach,mar gheall ar thábhacht na turasóireachta sléibhte, is annamh a chuirtear i bhfeidhm é.

 

An Ghearmáin

 

Coinníonn grúpaí de shiúlóirí caoi ar 200,000km de chosáin shlímharcáilte (seans gur ann do chinn eile). Cuimsíonn betretungsrecht – an ceart traidisiúnta ar shaor-rochtana – foraoisí, talamh oscailte agus cladaí, chomh maith le cosáin agus bóithre, ach níl talamh feirme iata san áireamh. Cuireadh bonn reachtúil nua faoi.

 

An Spáinn

 

Faoi láthair tá próiséas athchóirithe ar siúl sa Spáinn maidir leis na dlithe a bhaineann le rochtain. Faoi láthair tá ceart ginearálta dlithiúil rochtain ar limistéir shléibhe, ar an gcósta agus ar limistéir eile ardscéimhe . Tá os cionn 100,000km de chosáin faoi chothabháil. Tá gréasáin dea-fhorbartha cosán sna hOileáin Chanáracha, sna Piréiní agus i gceantair thábhachtacha eile shléibhe. Tá ceart rochtana ar bhruacha aibhneacha is canálacha. Tá plean uaillmhianach ann an tír ina hiomláine a nascadh le gréasán cosán/ bealaí rothaíochta – cosáin stairiúla, cosáin mharcaíochta, bóithre dráibhéirí, iarnróid as úsáid, sean-bhóithre agus cosáin tharraingthe ina measc. Mar shampla, is cosán 1,280km a osclaíodh le déanaí é an GR 99, El Camino Natural del Ebro, a leanann bruach uile abhainn an Ebro.

 

An Fhrainc

 

Clúdaíonn gréasán leathan cosán an tír ina iomláine – os cionn 58,000km de chosáin fad-achair agus 120,000km de chosáin áitiúla. Tá úrthránna agus tránna faoi úinéireacht phoiblí agus tá stráice 3 mhéadar fán chósta oscailte do shiúlóirí, maraon leis an gceart rochtana ar an stráice seo.

 

An Fhionlainn

 

Tugann an coincheap ársa de chearta an Ghnáthdhuine an ceart bunúsach do chách dul ag fánaíocht go saorálach faoin tuath gan gá cead a lorg is cuma cé leis an talamh nó cé atá ag áitiú ann... Ní chuimsíonn ceart an Ghnáthdhuine gníomhaíochtaí a dhéanann dochar don timpeallacht nó a chuireann isteach ar dhaoine eile áfach... Tá cead bunúsach ag gach éinne siúl, sciáil, rothaíocht nó marcaíocht go saorálach sa tuath chomh fada agus nach ndéanann sé seo dochar do réadmhaoin ná don dúlra.

ó Chearta an Ghnáthdhuine sa bhFionlainn, Aireacht Comhshaoil na Fionlainne 2007

(féach www.ymparisto.fi/download.asp?contentid=25603 )

 

Éire

 

In Éirinn ar éigean go bhfuil ceart dlithiúil ar bith agat cos a leagan ar thalamh príobháideach, is cuma cé chomh hiargúlta. Ar éigean gur ann do chearta slí ar bith, seachas cinn fhollasacha ar nós bhóithre poiblí nó páirceanna uirbeacha.

 

Sin an fáth,i lomchontrárthacht le tíortha eile na hEorpa, go dteorainnaítear siúlóirí ócáideacha ar tharmac go minic, nó go mbíonn orthu srachailt ar chosáin eadrannacha trí cheantair nár cuireadh infrastructúr ar bith (dreapaí etc.) ar fáil iontu nó, níos measa fós, inar féidir le húinéir talún iad a dhíbirt gan fáth ar bith.

 

Réiteach molta

 

Caithfear an dlí a athrú

 

Tá an reachtaíocht reatha ar rochtain ar an tuath simplí agus leatromach: tá an dlí go hiomlán ar thaobh na n-úinéirí talún. Is féidir leo lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire a dhíbirt ar chúis ar bith, nó gan cúis. Tá úinéirí talún ag baint úsáide as an éagothramaíocht seo chun lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire a choineail amach as áiteanna a dtéidís ag siúl iontu go traidisiúnta, é sin nó airgead a éileamh orthu chun rochtain a cheadú. Tá athrú dlí ó bhonn ag teastáil go géar uainn.

Is é ár bpríomh-sprioc ceart rochtana ar an tuath a thabhairt do lucht a húsáidte mar chaitheamh aimsire.

Is féidir a bhfuil uainn inár bhfeachtas a chur i dtrí fhocal: reachtaíocht, reachtaíocht, reachtaíocht.

 

Cén cineál reachtaíochta?

 

Ar dtús caithfimid idirdhealú a dhéanamh idir saoirse fánaíochta agus cearta slí. Ar thalamh bocht, nó féarach garbh, ceadaíonn saoirse fánaíochta do lucht a úsáidte mar chaitheamh aimsire dul ag fánaiocht ar a dtoil, ach amháin i ngar do thithe, ar thalamh curaíochta etc. – mar is gnách in Albain agus i gCríoch Lochlainn ar fad agus i gcodanna de Shasana is den Bhreatain Bheag. Níl limistéir ar bith againn in Éirinn atá cuimsithe ag saoirse fánaíochta seachas na Páirceanna Náisiúnta (nach bhfuil iontu ach níos lú na 1% d'achar iomlán na tíre).

 

I limistéir dhian-shaothraithe is iad cearta slí an norm. Is cosáin líneacha nó rianta iad seo nár chóir go n-imeodh an siúlóir uathu. De gnáth marcáiltear iad ar mhapaí agus ar chuaillí eolais. Tá fíor-bheagán cearta slí againn in Éirinn.

 

Mar sin táimid ag lorg ceart dlithiúil a cheadaíonn saoirse fánaíochta ar thalamh gur féarach garbh iargúlta don chuid is mó é, sin thart ar 7% d'achar iomlán na tíre. Ba chóir go marcálfaí limistéir faoi chumhdach saoirse fánaíochta ar na mapaí agus go dtaispeánfaí iad ar an talamh. Ní cheadófaí saoirse fánaíochta riamh gar do thithe chónaithe ná thar churaíocht, ná i limistéir shíor-loitiméireachta.

 

Do limistéir eile, go mórmhór ar thailte ísle, molaimid cearta slí chun rochtain ar limistéir a bheadh cúmhdaithe faoi saoirse fánaíochta chomh maith le siúlóidí lúbtha nó siúlóidí go limistéir sainspéise, ar nós limistéir ardscéimhe nó láithreáin stairiúla nó seandálaíochta.

 

Féadfaidh úinéirí talún tairbhe a bhaint as cearta slí. In áit siúlóirí a bheith ar seachrán go mearbhalach trí limistéir feirmeoireachta d'fhéadfaí iad a threorú chuig cearta slí agus sa chaoi sin suaitheadh nó achrann nach gá a sheachaint. Níor chuir rialtas ar bith Éireannach, ná mórán údaráis áitiúla, dúshlán faoi úinéirí talún go fóill chun rochtain ar an tuath a éascú.

Táimid i mbun feachtais freisin chun srian láidir a chur le fál sreinge deilgní ionsáite i limistéir ina gceadófaí saoirse fánaíochta.

 

Moladh do dhálaí na hÉireann

 

Cé go nglacaimid leis go bhféadfaí go n-éireodh fadhbanna maidir le reachtú do cheart fánaíochta in Éirinn, is deacair a thuiscint ceard a bheadh ag úinéirí talún i gcoinne siúlóirí ag trasnú talaimh ard oscailte gan fál dá mbeidis freagrach. Molaimid an cur chuige seo, le srianadh réasúnta a bheadh comhaontaithe le húinéirí talún, don chuid is mó den tír. Ba chóir go nglacfadh údaráis áitiúla, lucht turasóireachta agus clubanna áitiúla siúil ról gníomhach i réiteach agóidí. San áit a mbeadh deacrachtaí, molaimid go gcruthófaí cearta slí, a bheadh sainithe go soiléir, trí thalamh feirme chun rochtain ar thalamh oscailte, ar limistéir thaitneamhachta nó ar láithreáin seandálaíochta, le cúiteamh réasúnta d'úinéiri talún, ag brath ar an achar talún steirilithe. Tá gá ar leith le cearta slí i gceantar Shléibhte Bhaile Átha Cliath is Chill Mhantáin, ina bhfuil líon mór siúlóirí agus inar fhulaing roinnt úinéirí talún de bharr gníomhachtaí treaspasóirí is loitiméirí mífhreagracha. Is ann don reachtaíocht a cheadódh cearta slí a chruthú cheana féin ach tá sé uafásach ársa is míshoiléir. Caithfear reachtaíocht shoiléir nua-aimseartha chur ina háit.

 

Tá stádas cearta slí an lae inniu in Éirinn míshásúil, le neamhchinnteacht maidir leis na háiteanna gur ann dóibh agus ag teip ar bheagnach gach údarás áitiúil iad a aithint, gan bacadh lena liostú ná a gcothabháil ná chun imeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh sa chás go mblocáiltear iad.

 

Ról na n-údarás áitiúil go dtí seo

 

I dtaithí siúlóirí is an phobail i gcoitinne tá na húdaráis aitiúla neamhéifeachtach ina láimhsiú ar agóidí cearta slí is rochtana. Ní heol dúinn cás ar bith in áit ar bith sa tír inar ghníomhaigh na húdaráis áitiúla go héifeachtúil chun cabhrú le cearta siúlóirí, is cuma cé chomh cóir is a bhí cás na siúlóirí.

 

Má táthar chun agóidí a réiteach beidh gá le meon níos bríomhaire is níos réadúla chun leasanna siúlóirí – agus dá bhrí sin leasanna turasóireachta – a chur san áireamh. Mar thús, ba chóir go gceapfaí Oifigigh Rochtana i gcontaetha ina bhfuil an siúl mar ghníomhaíocht fóillíochta thábhachtach. Ba chóir go mbeadh dualgas dlithiuil ar údaráis áitiúla bealaí siúil a aithint, a liostú is a chosaint. Más amhlaidh nach n-éiríonn leo, ba chóir go mbunófaí coimisiún náisiúnta do bhealaí siúil chun é a dhéanamh ar son an phobail.

 

Céard a tharlóidh mura ndéantar aon rud

Mura ndéantar rud éigin go luath eireoidh deacrachtaí níos minice idir úinéirí talún agus daoine ag iarraidh talamh a thrasnú, mar tá an tsiúlóid mar chaitheamh aimsire ag fás i gcónaí. Is féidir go mbeidh sé i bhfad níos deacra siúlóirí iasachta (agus daoine nach iad a bhaineann úsáid as an tuath mar chaitheamh aimsire) a mhealladh chun na tíre seo. Tragóid a bheadh anseo mar d'fhéadfadh Éire a bheith mar phríomh-rogha ag siúlóirí ón mBreatain agus ó mhór-roinn na hEorpa mar gheall ar a tírdhreach tarraingteach agus a ceantair breá siúil.


Má theastaíonn uait muid a chur ar an eolas maidir le fadhb ar bith i do cheantar cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag info@keepirelandopen.org

Cé Muidne | Ábhair Aighnis | Aidhmenna_kio | Conas Clárú mar Bhall | Nuachtlitir | Sean-Nuachtlitreacha | Litreacha | Roinnt Fadhbanna | Naisc | Fóto-Ghailearaí | Déan Teagmháil Linn